1 Ccorintiánach 6:4-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Uime sin ó tá sibh a nionadh breitheamhnuis do dhéunamh ar na neithibh bheanus ris an mbeathaidh so, cuiridh na suidhe chum bhreitheamhnuis an dream atá fa tharcuisne sa neagluis.

5. As do chur adhnáire oraibh do labhruim. An mar sin, nach bhfuil go fíu éunduine amháin eagnuidhe eadruibh? dá dtiocfadh breitheamhnus do dhéunamh eidir a dhearbhráithre?

6. Achd téid dearbhráthair chum dlighe ré dearbhráthair eile, agus sin fós a lathair dháoine gan chreideamh.

7. Uime sin a nois atá lochd go cinnte ionnuibh, tré dhul díbh chum dlighe eadruibh féin. Créd fá nach bhfuilngthí éugcóirní as táosga? créd fa nach bhfuilngthí bhur mealladh ní as luáighthe?

8. Gidheadh fós, do ní sibh féin éugcóir, agus díoghbháil, agus sin ar bhur ndearbhráithribh.

9. A né nach bhfuil a fhios aguibh nach bhfaghuid luchd déanta na heugcóra sealbh rioghachda Dé? Ná mealltar sibh: ní bhfuighidh sdríopthacha, na luchd iodhaladhruidh, na luchd adhaltrannais, ná dáoine macnusacha, ná dáoine míonadúrtha,

10. Ná gaduighthe, ná dáoine sanntacha, na luchd meisge, na luchd imdheargtha, náid sracaireadha, oidhréachd rioghachda Dé.

1 Ccorintiánach 6