1 Ccorintiánach 5:6-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Ní bhfuil bhur ngáirdeachus ionmholta. A né nach bhfuil a fhios aguibh go ngearuighean beagan laibhín an táos uile?

7. Uime sin sgriosaidh uáibh an sean láibhin, ionnus go mbíadh sibh bhur dtáos núadh, amháil atá sibh gan laibhín. Oír fuáir Críosd ar núan cásgne a iodhbhairt air ar son:

8. Ar a nadhbharsin déunam an fhéusda choimhéud, ni ré seanlaibhín, na ré laíbhin uilc agus droichmhéine; achd ré harán an fhíorghloine augs fírinne gan laibhín.

9. Do sgríobh mé chugaibh a leitir gan bheith dhibh a gcaidreabh sdríopach:

10. Achd ní híad sdríopacha an tsáoghailse go huilidhe, náid a dháoine sanntacha, náid a luchd sracaireachda, náid a luchd iodhaladhruidh; óir da madh íad do chaithfeadh sibh an sáoghal dfágbhail.

11. Achd a nois do sgríobh mé chúgaibh gan chaidreabh do dhéanamh, má bhíonn éainneach dá ngoirthear dearbhráthair na sdríopaigh, nó na dhuine shanntach, nó na fhear iodhaladhruidh, no na fhear cainighe, nó na fhear misge, nó na fhear fúaduighe; ná caithidh fíu an bhidh na fhochair.

12. Oír créud í mo chuidse do bhreitheamhnus do thabhairt ar an druing atá amuigh? A né nách air an druing áta a stigh do bheir sibhse breitheamhnus?

13. Achd do ní Día breitheamhnus ar an druing atá amuigh. Uime sin tógbhuidhsi uáibh as bhur lár an drochdhuine sin.

1 Ccorintiánach 5