10. Do reir ghrás Dé tugadh dhamhsa, do chuir mé an fhonndameint, mar mhaighisdir íulmhar oibre, agus tógbhuidh neach eile obair air. Gidheadh tabhradh gach áon dá aire cionnus thógbhus sé a nobair.
11. Oír ní héidir ré háoinneach fonndameint ar bith eile do chur, táobh amuigh don fhonndameint atá ar na chur cheana, eadhon Iósa Críosd.
12. Agus dá dtógbhuidh áoinneach ar an bhfonndameintsi ór, airgead, clocha uáisle, adhmad, féur, no connlach;
13. Do dhéuntar obair gach áonduine follus: óir foillseochaidh an lá é, do bhrígh go madh léir é ris an dteine; agus foillseócháidh an teine cionnus bhías obair gach éunduine.