1 Ccorintiánach 3:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus a dhearbhraithreacha, níor bhféidir leamsa labhairt ribhse mar dháoinibh sbioradálta, achd mar dháoinibh colluidhe, amhuil náoidheanuibh a Gcríosd.

2. Do bheathaidh mé sibh re bainne, agus ní ré bíadh: óir níor bhféidir libh fós a ghabháil chugaibh, agus a nois féin ní féidir libh.

3. Oír atá sibh fós colluidhe: oír ó atá tnúth, agus imreasuin, agus aimhreiteach eadruibh, a né nach bhfuilti colluidhe, agus nach siobhlann sibh do réir dháoine?

4. Oír an tan a deir neach, As lé Pól misi; agus neach eile, As le Apollos misi; a né nach bhfuiltí colluidhe?

5. Oír cía hé Pól? Agus cía hé Apollos, achd na mínisdrí tré ar chreideabhair, agus do réir mar tug an Tighearna do ghach áoinneach?

6. Do phlanndaigh misi, do chraith Apollos an tuisge; achd a sé Día tug an fás.

7. Ar a nadhbharsin ní bhfuil éifeachd sa tí phlanndaigheas, na fós sa tí chroitheas an tuisge; achd a Ndía do bheir an fás.

8. Agus is ionnan an tí phlanndaigheas, agus an tí chroitheas an tuisge: agus do ghéubhaidh gach áon a thúarasdal do réir a sháothair.

9. Oír is cómhluchd oibre do Dhía sinne: is sibhse treabhaire Dé, agus áitreabh Dé.

1 Ccorintiánach 3