10. Gidheadh achd do fhoillsigh Día dhúinne íad tré na Spioraid: oír sgrúdáighe an Spiorad na huile neithe, agus fós, neithe doimhne Dé.
11. Oír cía hé an neach aga bhfuil fios na neitheann is lé duine, achd amháin ag an spioraid atá sa duine? as mar an gcéudna ní bhfuil fios na neitheann is ré Día ag áoinneach, achd amháin ag Spioraid Dé.
12. Gidheadh ní hé spiorad an tsáoghail, do ghabhamairne chugainn, achd an spiorad atá ó Dhía; ionnus go mbíadh fios na neitheann aguinn noch do tíodhlaiceadh dhúinn ó Dhía.
13. Noch fhoillsighemid mar an gcéudna, ní a mbríathraibh theaguisgeas an gliocas dáonna, achd a mbríathraibh theaguisgeas an Spiorad Náomh; ag coimhcheangal na neitheann spioradálta ré chéile.