1. Uime sin, ar dteachd damhsa chugaibh, a dhearbhráithreacha, ní ré hóradh-bríathar na re gliocas, tháinic me dfóillsiughadh fíadhnuise Dé dhíbh.
2. Oír níor léig mé oram féin bhur measgsa eólas do bheith agum air ní ar bith, achd amháin air Iósa Críosd, agus é fós ar na chéusadh.
3. Agus do bhí mé bhur measgsa a néugcrúas, agus a neagla, agus a gcriothnughadh mhór.
4. Agus ní raibh mo chomhrádh ná mo sheanmóir a millseachd bhríathar an ghliocais dáonna, achd a bhfoillsiughadh dhearbhthachd chúmhachda na Spioraide:
5. Ionnus nach bíadh bhur gcreideamhsa a ngliocas na ndáoine, achd a gcúmhachd Dé.