5. Agus géubhuidh mé chugaibhsi, tar éis mé dul tre Mhácedónia: (oír géubhuidh mé tré Mhacedónia.)
6. Agus dob éidir go bhfanfuinn, nó fós, go ccaithfinn an geimhreadh bhur bhfochairsi, ionnus go rachadh sibh tamall do shlighe leam gidh bé áit a rachaidh mé.
7. Oír ní mían ríom dul bhur bhféachain a nois don dúlsa; gidheadh atá súil agum fuireach bhur bfochair feadh tamuill, do chead an Tighearna.
8. Agus do dhéuna mé cómhnuidhe a Nephesus go Cingcís.
9. Oír do hosgladh dorus mór éifeachdach dhamh, agus naimhde iomdha.
10. Agus dá dtigidh Timotéus, tugaidh aire ribh go mbiáidh sé gan eagla bhur bhfochair: óir sáothruidhe sé a nobair an Tighearna, amhuil do nímse.
11. Uime sin ná tugadh éanduine neimhchion air: achd tréoruidhe uáibh a siothcháin é, chum teachd chugamsa dhó: óir atá súil agum ris maill ris na dearbhraithribh.
12. Agus a dtáobh ar ndearbhráthar Apollós, do shir mé go dithcheallach air teachd chugaibhse maille ris na dearbhráithribh, achd ni raibh a aigneadh ar éanchor ré theachd a nuáirse; gidheadh tiucfuidh sé an tan ghéubhus sé an iomchubhaidh.