1 Ccorintiánach 16:16-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Bídhidhse fós úmhal da leithid sin, agus dá gach áon do ní obair, agus sáothar maill rinn.

17. Agus atá lúathgháire oram tré theachd Steapháin agus Fhortunátuis, agus Achaicuis: do bhrígh go ndearnadar bhur nionadsa dhamh.

18. Oír tugadar furtachd dom sbioruidse agus do bhur sbioruidsi: uime sin biodh meas aguibh ar a samhuil sin.

19. Cuirid eagluisidhe na Hásia beatha agus sláinte chugaibh. Cuirid Acuila agus Priscilla maille ris a neagluis atá ann a dtigh, beatha agus sláinte go dúthrachtach sa Dtighearna chugaibh.

20. Cuirid na dearbhraithre uile beatha agus sláinte chugaibh. Teannuidh féin ré cheile maille ré póig náomhtha.

21. Beatha agus sláinte uáimse Pól ré mo láimh féín chugaibh.

1 Ccorintiánach 16