22. Oír amhuil mar gheibhid na huile dhaóine bás a Nádhamh, as mar an gcéudna do dhéuntar íad uile daithbhéodhughadh a Gcríosd.
23. Gidheadh gach áon ann a ordughadh féin: Críosd an céud thoradh; na dhiáighsin an luchd bheanus ré Críosd agá theachd.
24. Ann sin bhías an chríoch dheigheanach, ar dtabhairt na rioghachda súas dó a láimh Dé, eadhon an Tathar; an tan chuireas sé ar gcúl gach uile úachdaránachd, agus gach uile chúmhachd agus gach uile neart.
25. Oír as éigean dó bheith na Rí, nó go gcuiridh sé a naimhde uile faói na chosaibh.
26. A sé an bás an námhuid dheigheanach sgriosdar.
27. Oír do chuir sé na huile neith faói na chosaibh. Gidheadh an tan a deir sé, gur cuireadh na huile neithe faói, as follus nach beanann an rádh so ris, an tí do chuir na huile neithe faói.
28. Agus an tán chuirfidhear na huile neithe faói, biáidh an Mac féin ann sin faói an tí do chuir na huile neithe faói, chum Dé do bheith na uile sna huilibh.
29. Nó créud dhéunas an dream atá ar na mbaisdeadh air son na marbh, muna neirghid na mairbh air éunchor? créud fá mbaisdear íad air son na marbh?
30. Créud fá bhfuilmídne fós a nguáis gach uile uáir?
31. Dar bhur ngáirdeachusa noch atá agumsa a Níosa Críosd ar Dtighearna, do gheibhim bás gach laói.
32. Más do réir nóis dáonna do chomhruic mé ré hainmhidhibh a Nephesus, créud é an tarbha a dtéid sé dhamh, muna néirghid na máirbh? itheam agus íbheam; óir do ghéubham bás a márach.
33. Ná mealltar sibh: truáillidh droch chomhráite béusa maithe.
34. Músgluidh chum firéuntachda, agus na déunaidh peacadh; óir ní bhfuil éolus Dé ag cuid aguibh: as chum adhnáire do chur oraibh a deirim so.
35. Achd a déuraidh neach éigin, Cionnus éirghid na mairbh? agus créud é samhail an chuirp ann a dtigid síad?
36. O a dhuine mhichéllidh, an síol chuireas tusa ní bhéodhthuighear é, muna bhfaghuidh sé bás air tús:
37. Agus a ní shíolchuireas tú, ní hé an corp bhías do shiolchuireas tú, ach grán lom, éadhon, cruithneachda, nó arbhar éigin eile:
38. Achd do bheir Día corp dhó do réir a thola féin, agus dá gach uile shíol a chorp féin fó leith.
39. Ní háon fheóil amháin gach uile fheóil: achd atá feóil ar leith ag dáoinibh, agus feóil ar leith ag ainmhithibh, agus feóil ar leith ag íasguibh, agus feóil ar leith ag éunlaith.
40. Agus atáid cuirp neamhdha ann, agus cuirp thalmhuidhe: gidheadh atá glóir ar leith ag na corpuibh neamhdha, agus glóir ar leith ag na corpuibh talmhuidhe.
41. Atá glóir ar leith ag an ngréin, agus glóir ar leith ag an ngealuidh, agus glóir ar leith ag na réultuibh: óir atá dithfir ghlóire eidir réult agus réult eile.