1 Ccorintiánach 15:15-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Agus geibhthear sinne fós ar bhfínné bréige ar Dhía; óir do rinneamar fíadhnuisi do tháobh Dé gur dhúisigh sé Críosd ó mharbhuibh: an tí nár dhuisigh sé, muna neíseirghid na mairbh.

16. Oír muna néirghid na mairbh, níor éiridh Críosd féin fós:

17. Agus munar éiridh Críosd, as díomhaóin bhur gcreideamhsa; atá sibh fós ann bhur bpeacadhaibh.

18. Agus mar sin an mhéid do chodail a Gcríosd atáid ar ndul amúgha.

19. Más sa mbeathasa amháin atá dóthchas aguinn as Chríosd, as sinn is mó do dhíol truáighe do na huile dhaóinibh.

20. Achd a nois do eiséirghidh Chríosd ó mharbhuibh, do rinneadh céudthoradh ná druinge do bhí na gcodladh dhe.

1 Ccorintiánach 15