1 Ccorintiánach 14:31-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

31. Oír is féidir libh uile fó leith fáidheadóireach do dhéunamh chum foghlama, agus comhfhurtachda dfagháil díbh uile.

32. Agus atáid Sbiorada na bhfáidheadh úmhal do na fáidhibh.

33. Oír ní hé Día úghdar na buáidheartha, achd na siothchana, mar (as léir) a nuile eagluisibh na náomh.

34. Bíodh bhur mná na dtochd sna heagluisibh: óir ní ceaduigheach dhóibh labhairt; achd a bheith úmhal, amhuil a deir an reachd mar an gcéudna.

35. Agus dá raibh fonn éinneithe dfoghluim orrtha, fiafruighidís a stigh dha bhfearaibh é: óir as nár do mhnaói labhairt sa neagluis.

36. Aneadh? an úaibhse tháínic bríathar Dé? no an chugaibhse amháin ráinic sí?

37. Más dóigh ré héinneach gur fáidh, nó duine sbioradálta é féin, bíodh a fhios aige na neithe sgríobhuimse chuguibh gur ab íad aitheanta an Tighearna íad.

38. Achd an tí atá ainbhfeasach, bíodh ainbhfeasach.

1 Ccorintiánach 14