26. Maseadh créd é sin, a dhearbhráithreacha? ar dteachd a gceann a cheile dhíbh, atá salm, atá teagusg, atá teanguidh, atá foillsiughadh, atá míniughadh ag gach duine agaibh. Déuntar na huile neithe chum follamnuighthe.
27. Dá labhruidh áonduine a dteanguidh choimhthigh, labhradh dias, no tríur an chuid is mó dhe, agus sin a ndiáigh a chéile; agus déunadh áon éidirmhíniughadh.
28. Achd muna mbiáidh fear éidirmhínighthe ann, bíodh sé na thochd sa neagluis; agus labhradh ris féin, agus ré Día.
29. Agus labhradh días nó tríur do na faidhibh, agus déunadh an chuid eile breitheamhnus.
30. Achd má ghéibh faidh eile shuidheas na naice, taisbéunadh bíodh an céudduine na thochd.
31. Oír is féidir libh uile fó leith fáidheadóireach do dhéunamh chum foghlama, agus comhfhurtachda dfagháil díbh uile.
32. Agus atáid Sbiorada na bhfáidheadh úmhal do na fáidhibh.