15. Créud eile maseadh? do dheuna mé urnuighe ris an sbioruid, gidheadh do dhéana mé urnuighe ris a tuigsi mar an gcéudna: do dhéuna mé céol ris an sbioruid, achd fos do dhéuna mé céol ris an tuigse.
16. Nó má bheir tú buidheachas ris an spioruid, cionnus a déuruidh an tí atá a náit an túata Amén ré breith bhuidheachais duitsi, agus nach feas dó créud a deir tú?
17. Oír go deimhin as maith bheireas tusa buídheachas, gidheadh ní fhaghann neach eile a fhollamnughadh.
18. Beirim a bhuídhe rém Dhía, gur mó labhruim do theangthuibh ná sibh uile.
19. Gidheadh do bfearr leam cúig focail maille rém thuighsi do labhairt sa neagluis, chum daóineadh eile do theaguisg mar an gcéudna, na deich míle focal a dteanguidh choimhthighe.
20. A dhearbhráithreacha, na bighidh bhur leanbuibh a dtuigsi: achd a dtáobh dhrochmhéine bighidh bhur leanbuibh, gidheadh a dtúigse bighidh foirfe.
21. Atá sgríobhtha sa reachd, Laibhéora mé ris an bpobalsa a dteangthuibh agus a núrlabhra eile; agus mar sin fós ní chluinfid mé, a deir an Tighearna.