12. As mar sin sibhse, mar an gcéadna, do bhrigh go sanntuigheann sibh neithe sbioradálta, íarraidh bárr do bhreith chum follamnuighthe na heagluisi.
13. Uime sinn an tí labhrus a dteanguidhe choimhthighe guidheadh sé go madh éidir leis ní éidirmhíniughadh.
14. Oír má ním urnuighe a dteanguidh choimhthighe, do ní mo sbiorad urnuighe, gidheadh atá mo thuigsi neamhthoruidheach.
15. Créud eile maseadh? do dheuna mé urnuighe ris an sbioruid, gidheadh do dhéana mé urnuighe ris a tuigsi mar an gcéudna: do dhéuna mé céol ris an sbioruid, achd fos do dhéuna mé céol ris an tuigse.
16. Nó má bheir tú buidheachas ris an spioruid, cionnus a déuruidh an tí atá a náit an túata Amén ré breith bhuidheachais duitsi, agus nach feas dó créud a deir tú?
17. Oír go deimhin as maith bheireas tusa buídheachas, gidheadh ní fhaghann neach eile a fhollamnughadh.
18. Beirim a bhuídhe rém Dhía, gur mó labhruim do theangthuibh ná sibh uile.