1 Ccorintiánach 13:7-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.

8. Ní théid an grádh ar gcúl choidhche: bíodh go rachaidh fáidheadóireachd ar gcúl, agus go gcoisfid, na teangtha; agus go gcuirfighthear an téólas ar gcúl.

9. Oír ní bhfuil a nois aguinn achd gné éoluis, agus gné faidheadóireachda.

10. Achd an tan thiucfus a ní iomlán, cuirfighthear an tansin a ní easbhuidheach ar gcúl.

11. An tan do bhí mé am náoidhean, do labhair mé mar náoidhean, do thuig mé mar náoidhean: as cíall náoidhin do bhí agum: achd ar dteachd damh go háois iomláin, do chuir mé na neithe leanbuidhe ar gcúl.

12. Oír is radharc spéucláire dorcha, atá aguinn a nois; achd a núairsin bíam ar aghaidh a chéile: a nois atá gné aithne agam; achd an tan sin aithéonad do réir mar atá aithne oram.

13. Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so.

1 Ccorintiánach 13