1 Ccorintiánach 13:3-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Agus bíodh go gcaithfinn a bhfuil agam ré bochdaibh do chothughadh, agus go dtuibhruinn mo chorp da losgadh, agus mé bheith gan grádh, ní bhfuil tarbha dhamh ann.

4. Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é,

5. Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;

6. Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne;

7. Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.

8. Ní théid an grádh ar gcúl choidhche: bíodh go rachaidh fáidheadóireachd ar gcúl, agus go gcoisfid, na teangtha; agus go gcuirfighthear an téólas ar gcúl.

1 Ccorintiánach 13