1 Ccorintiánach 13:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Giodh go laibhéoruinn ré teangthuibh dháóine agus aingeal, agus gan grádh ionnam, ní bhfuilim achd mar phrás ag déunmah fuáime, nó mar chimbal ag cluigineachd.

2. Agus bíodh go mbeith fáidheadóireachd agam, agus go mbeith fios na nuile ruindíamhradh, agus gach uile éolas agam; agus bíodh go mbeith an creideamh uile agam, ar ghléus go bhféudfuinn sléibhte athrughadh, agus mé bheith gan ghrádh, ní bhfuil éifeachd ionnam.

3. Agus bíodh go gcaithfinn a bhfuil agam ré bochdaibh do chothughadh, agus go dtuibhruinn mo chorp da losgadh, agus mé bheith gan grádh, ní bhfuil tarbha dhamh ann.

4. Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é,

5. Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;

6. Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne;

1 Ccorintiánach 13