1 Ccorintiánach 11:21-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Oír íthidh gach áon a shuipéir fein air tús: agus bí ocarus ar dhuine aguibh, agus duine eile ar misge.

22. A né nach bhfuil tighthe aguibh chum íthe agus íbhthe? nó an bhfuiltí ag tarcaisniughadh eagluisi Dé, agus ag tabhairt náire don druing atá gan éainní? Créud a déura mé libh? an molfad sibh? ní mholaim sibh sa gcássa.

23. Oír is ón Dtighearna fuáir misi a ni thug mé dhíbhse mar an gcéudna, Gur ghalc an Tighearna Iosa arán sa noidhche ionar bráitheadh é:

24. Agus ar mbreith bhuidheachais dó, do bhrís sé é, agus a dubhairt sé, Glacaidh, íthidh: a sé so mo chorpsa, bhrisdear ar bhur sonsa: déunaidh so mar choimhniughadh oramsa.

25. Agus an cupán mar an gcéudna, tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núadh trém fhuilse: déunaidh so, dhá mhioncachd íbhthi é, mar choimhniughadh oramsa.

26. Oír ní bhfuil dá mhionca íosas sibh an taránsa, agus íobhthas sibh an cupánsa, nach bhfoillsigheann sibh bás an Tighearna go teachd dhó?

27. Uime sin gidh bé íosas an taránsa, nó íobhthas cupán an Tighearna, go neimhiomchubhaidh, niáidh sé cionntach do chorp agus dfuil an Tighearna.

28. Ar a nadhbharsin dearbhadh gach áonduine é féin, agus mar sin ítheadh sé do naránsa, agus íbheadh don chupánsa.

29. Oír gidh bé ítheas agus íbheas go neimhiomchubhaidh, íthidh agus íbhidh sé damnughadh dho féin, an tan nach déun sé eidirdhealughadh eidir chorp an Tighearna agus bhíadh eile.

30. Dá bhrígh so atáid mórán meirbh agus ar dhíth neirt eadruibh, agus morán ar néug.

31. Oír dá mbeith breathnughadh aguinn oruinn féin, ní bhéarthaoi breath oruinn.

32. Gidheadh an tan bheirthear breath oruinn, is ris an Tighearna smachdaighthear sinn, deagla ar ndamnaighthe maille ris a tsáoghal.

33. Uime sin, a dhearbhráithreacha, ar dteachd díbh a gceann a chéile chum íthe, fuirighidh ré chéile.

34. Agus dá ráibh ocarus ar éinneach, itheadh sé agá thigh; deagla theachd dáoibh a gceann a chéile chum damnaighthe. Agus ar dteachd damh cuirfe mé gach ní eile nórdughadh.

1 Ccorintiánach 11