1 Ccorintiánach 11:16-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Achd ma bhíonn éanduine cóinntinneach, ní bhfuil a leithid sin do ghnás aguinne, nó ag eagluisibh Dé.

17. Agus agá fhoillsiughadh so dhamh ní mholaim sibh, fá theachd a gceann a chéile dhibh ní chum bhur leasa, achd chum bhur naimhleasa.

18. Oír ar tús, ar gcruinniughadh dhíbh a gceann a chéile sa neagluis, do chluinim go mbíd siósmadha eadruibh; agus creidim é a ccáil.

1 Ccorintiánach 11