14. A né nach bhfuil an nádúr féin dá theagusg dhíbh, gur nár dfior gruág fhada do bheith air?
15. Gidheadh dá raibh grúag fada ar mhnáoi, as glóir dhí é: óir is mar fholach tugadh a grúag dhi.
16. Achd ma bhíonn éanduine cóinntinneach, ní bhfuil a leithid sin do ghnás aguinne, nó ag eagluisibh Dé.
17. Agus agá fhoillsiughadh so dhamh ní mholaim sibh, fá theachd a gceann a chéile dhibh ní chum bhur leasa, achd chum bhur naimhleasa.
18. Oír ar tús, ar gcruinniughadh dhíbh a gceann a chéile sa neagluis, do chluinim go mbíd siósmadha eadruibh; agus creidim é a ccáil.
19. Oír is éigin fós eiriceachd do bheith bhur measgsa, chum na druinge atá dearbhtha eadruibh bheith follus.
20. Uime sin ar gcruinniughadh dhíbh a gceann a chéile ann éan ait, ní hé sin suipéir an Tighearna do chaitheamh.
21. Oír íthidh gach áon a shuipéir fein air tús: agus bí ocarus ar dhuine aguibh, agus duine eile ar misge.
22. A né nach bhfuil tighthe aguibh chum íthe agus íbhthe? nó an bhfuiltí ag tarcaisniughadh eagluisi Dé, agus ag tabhairt náire don druing atá gan éainní? Créud a déura mé libh? an molfad sibh? ní mholaim sibh sa gcássa.
23. Oír is ón Dtighearna fuáir misi a ni thug mé dhíbhse mar an gcéudna, Gur ghalc an Tighearna Iosa arán sa noidhche ionar bráitheadh é:
24. Agus ar mbreith bhuidheachais dó, do bhrís sé é, agus a dubhairt sé, Glacaidh, íthidh: a sé so mo chorpsa, bhrisdear ar bhur sonsa: déunaidh so mar choimhniughadh oramsa.
25. Agus an cupán mar an gcéudna, tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núadh trém fhuilse: déunaidh so, dhá mhioncachd íbhthi é, mar choimhniughadh oramsa.