12. Oír amhail mar is ón bhfear an bhean, mar an gcéúdna as tríd an mnáoi an fear; achd is ó Dhía na huile neithe.
13. Measaidh ionnuibh féín: an cubhaidh do mhnáoi gan folach ar a ceann Día do ghuidhe?
14. A né nach bhfuil an nádúr féin dá theagusg dhíbh, gur nár dfior gruág fhada do bheith air?
15. Gidheadh dá raibh grúag fada ar mhnáoi, as glóir dhí é: óir is mar fholach tugadh a grúag dhi.
16. Achd ma bhíonn éanduine cóinntinneach, ní bhfuil a leithid sin do ghnás aguinne, nó ag eagluisibh Dé.
17. Agus agá fhoillsiughadh so dhamh ní mholaim sibh, fá theachd a gceann a chéile dhibh ní chum bhur leasa, achd chum bhur naimhleasa.
18. Oír ar tús, ar gcruinniughadh dhíbh a gceann a chéile sa neagluis, do chluinim go mbíd siósmadha eadruibh; agus creidim é a ccáil.