1 Ccorintiánach 11:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Bighidh bhur luchd leanmhana dhamhsa do réir mar atáimse do Chríosd.

2. Agus anóis moluim sibh, a dhearbhráithreacha, fá choimhe do bheith aguibh oram sna huile neithibh, agus fá bheith dhíbh ag coimhéud na norduightheadh, amhuil tug mé dhíbh íad.

3. Gidheadh as mian riom a fhíos do bheith aguibh, gurab é Críosd ceann gach fir; agus gur ab é an fear ceann na mná; agus gur ab é Día ceann Chríosd.

4. Gach uile fhear agá mbí folach ar a cheann, ag urnaighe dhó nó ag fáidheadóireachd, do bheir sé easonóir dhá cheann.

5. Gidheadh gach bean agá mbí a ceann nochdaighe ag urnaighe nó ag faidheadóireachd dhi do bhéir sí náire dhá ceann: óir is ionann sin agus a bheith beárrtha dhi.

6. Oír muna raibh folach ar cheann na mná, beárrtha í mar an gcéudna: achd mas granna do mhnáoi bheith beárrtha nó lom, cuireadh sí folach uirthe.

7. Oír ní cóir don fhior a cheann dfolach, do bhrígh gur ab é iomháígh ghlóire Dé é: achd a sí an bhean glóir an fhir.

8. Oír ní ón mhnáoi an fear; achd ón fhior an bhean.

9. Oír ní ar son na mná do crúthuigheadh an fear; achd an bhean ar son an fir.

10. Uime sin is cóir don mhnáoi folach do bheith ar a ceann ar son na naingeal.

1 Ccorintiánach 11