1 Ccorintiánach 10:9-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus ná cuireamne cathughadh ar Chríosd, amhuil ceadna do chuireadar cuid acasan, agus do sgriosadh íad ré haithreachaibh neimhe.

10. Agus na déunaudhsi munmhur, amhuil do rinneadar acasan, agus do sgriosadh íad ris an sgriosdóir.

11. Agus tárla na neíthesi uile dhóibhsion ná neisiompláraibh: agus is chum fógartha do thabhairt dúinne ar a rug deireadh an domhuin, do sgriobhadh íad.

12. Uime sin an tí sháoileas bheith na sheasamh tugadh aire ris féin deagla go bhfuigheadh sé leagadh.

13. Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.

14. Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre grádhacha, seachnaidh iodhaladhradh.

15. Labhruim, mar laibheóruinn ré dáoinibh tuigsionacha; beiridh féin breith air a ní labhruim.

16. A né nach é cumáoin fhola Chríosd, cupán na mbeannachd do níomáoidne do bheannughadh? A né nách é cumáoin choirp Chríosd, an tarán bhrismíd?

17. Oir as áonarán agus áonchorp sinne, bíodh go bhfuilmíd morán: do bhrígh go nglacmáoid uile ar gcuid déunarán.

18. Tabhruidh aire re Hisraél do réir na feóla: a né nách bí cuid ronna don naltóir ag an druing itheas na hiódhbartha?

19. Uime sin créud a deirim? a né go bhfuil éifeachd sa niodhail, nó go bhfuil éifeachd sa ní íodhbarthar diodhaluibh?

20. Achd a deirim, gur do dhiabhlaibh iodhbruid na Cineadhacha, na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh.

21. Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.

22. An bhfuilmíd ag brosdughadh an Tighearna chum feirge? an treisi linne na leision?

1 Ccorintiánach 10