13. Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.
14. Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre grádhacha, seachnaidh iodhaladhradh.
15. Labhruim, mar laibheóruinn ré dáoinibh tuigsionacha; beiridh féin breith air a ní labhruim.
16. A né nach é cumáoin fhola Chríosd, cupán na mbeannachd do níomáoidne do bheannughadh? A né nách é cumáoin choirp Chríosd, an tarán bhrismíd?