1 Ccorintiánach 1:24-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

24. Achd don druing atá ar na ngairm, eídir Iúdaighe agus Ghréugach, Críosd cúmhachd Dé, agus eagna Dé.

25. Oír is glioca aimhghliocas Dé náid dáoine; agus as neartmhaire meirbheas Dé náid dáoine.

26. Oír a dhearbhraithreacha, do chí sibh bhur ngairm, nach iomdhá dhibh eagnuighe do réir na feóla, ní hiomdha cúmhachdach, ní hiomdha úasal:

27. Achd do thogh Día neithe éigcríonna an tsáoghail chum adhnáire do chur ar na dáoinibh eagnuidhe; agus do thogh Día neithe neimhneartmhara an tsáoghail chum adhnáire do chur air na neithibh neartmhara;

28. Agus do thogh Día, neithe anúaisle an tsáoghail, agus na neithe tarcuisneacha, agus na neithe nach bhfuil ann, chum na neitheann atá ann do chur a neimhbhrígh:

29. Ionnus nach déanadh feóil air bith uáill iona fhíadhnaise.

30. Achd as úadhasan atá sibhse a Niósa Críosd, noch atá ar na dhéunamh ó Dhía dhúinne na eagna, agus na fhíréuntachd, agus na náomhthachd, agus na fhúasgladh:

31. Ionnus, do reir mar atá sgriobhtha, An tí do ní máoithfeachus, déunadh sé máoithfeachas sa Dtighearna.

1 Ccorintiánach 1