Zafainiá 3:9-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. “Is ea, tabharfaidh mé ansinbeola glana do na ciníochachun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna,agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.

10. Ón taobh thall d'aibhneacha na Cúisetabharfaidh mo chuid adhraitheoirí, iad siúd a scaip mé,ofrálacha chugam.

11. “An lá sin ní náireofar thúas na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m'aghaidh.Mar tógfaidh mé as do lár ansindo chuid bladhmairí uaibhreacha;agus uaidh sin amach ní bheidh túag siúl timpeall go toirtéiseachníos mó ar mo shliabh naofa.

12. Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do láragus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídeanin ainm an Tiarna.

13. Ní dhéanfaidh siad aon éigeart,ní mó ná a inseoidh siad bréaga,agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal.Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth,agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”

14. “Déan gairdeas, a iníon Shíón;tóg gártha áthais, a Iosrael;bíodh lúcháir agus gliondar ar do chroí go hiomlán,a iníon Iarúsailéim.

15. Tá an Tiarna tar éis an breithiúnasa bhí ag bagairt ort a thógáil díotagus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait.Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do láragus ní healaí duiteagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.

16. An lá sin déarfar le Iarúsailéim:‘Ná bíodh eagla ort, a Shíón;ná lagtar do lámha!

17. Tá an Tiarna, do Dhia, i do lármar laoch caithréimeach;déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort.Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá;tógfaidh sé gártha áthais ar do shonfaoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’

18. “Ardóidh mé an tubaiste díotsa chaoi nach mbeidh ortmaslaí a fhulaingt níos mó.

19. Féach! An tráth sin cuirfidh mé deireadhleis na daoine go léir a d'imir ansmacht ort.Sábhálfaidh mé na bacaigh;baileoidh mé le chéilean mhuintir a ruaigeadh chun fáinagus gnóthóidh mé clú agus cáil dóibhi ngach aon tír ar cuireadh náire orthu inti.

Zafainiá 3