Zafainiá 3:4-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Bladhmairí is ea a fáithe,fir lán fill;truaillíonn a cuid sagart nithe naofaagus sáraíonn siad an dlí.

5. Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir;ní dhéanann sé an t‑éigeart riamh.Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas;le lonradh an lae ní loiceann sé riamh.Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.

6. “Táim tar éis na náisiúin a dhísciú;scriosadh a dtúir choirnéil.Tá a sráideanna bánaithe agamsa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu.Scartáladh a gcathrachaagus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu.

7. Deirinn liom féin:‘Beidh eagla ortsa ar a laghad romham,agus foghlaimeoidh tú ceacht;agus ní scriosfar a háitreabh,ní bhainfear as a cuimhne go deoná pionóis uile a chuir mé orthu siúd.’Ach ní mar sin a tharla.Is amhlaidh atá siad ag brostúchun a ngníomhartha uile a thruailliú.”

8. “Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna,“fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir;mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú,na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéilechun go ligfidh mé mo racht amach orthu,mo chuid feirge fíochmhaire go léir.Go deimhin, ídeofar an domhan go léirle tine mo chuid éada.

9. “Is ea, tabharfaidh mé ansinbeola glana do na ciníochachun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna,agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.

10. Ón taobh thall d'aibhneacha na Cúisetabharfaidh mo chuid adhraitheoirí, iad siúd a scaip mé,ofrálacha chugam.

11. “An lá sin ní náireofar thúas na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m'aghaidh.Mar tógfaidh mé as do lár ansindo chuid bladhmairí uaibhreacha;agus uaidh sin amach ní bheidh túag siúl timpeall go toirtéiseachníos mó ar mo shliabh naofa.

Zafainiá 3