Zacairia 8:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom mar a leanas:

2. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Tá teasghrá éadmhar agam do Shíón,a mhúsclaíonn tocht díograise ionam di.”

3. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Fillfidh mé ar Shíónagus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim.Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim,Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.”

Zacairia 8