2. Bhí capaill rua faoin gcéad charbad, agus capaill dhubha faoin dara ceann,
3. agus capaill bhána faoin tríú ceann, agus capaill bhallacha láidre faoin gceathrú ceann.
4. Cheistigh mé an t‑aingeal a bhí ag caint liom, á rá: “Cad iad seo, a dhuine uasail?”
5. Dúirt an t‑aingeal liom ansin, do mo fhreagairt: “Tá siad seo ag gabháil amach faoi cheithre hairde na cruinne tar éis dóibh a bheith ag freastal ar Thiarna an domhain uile.