Zacairia 13:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus d'áitritheoirí Iarúsailéim chun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh.

2. “Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n‑íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír.

3. Agus má dhéanann aon duine tairngreacht ina dhiaidh sin, déarfaidh a athair agus an mháthair a ghabh ina broinn é leis: ‘Ní ceart thusa a fhágáil beo mar labhair tú bréaga in ainm an Tiarna.’ Agus tollfaidh a athair agus a mháthair féin é nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht.

4. “Ar an lá sin, beidh náire ar gach uile dhuine de na fáithe faoina chuid físeanna nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht; agus ní chaithfidh siad clócaí róin níos mó d'fhonn daoine a mhealladh.

5. Déarfaidh gach duine díobh: ‘Ní fáidh ar bith mise ach fear a shaothraíonn an talamh; óir, bhí talamh i mo sheilbh agam ó m'óige.’

6. Agus má fhiafraítear de: ‘Céard iad na créachtaí seo atá ar do chorp?’ freagróidh sé: ‘Is amhlaidh a fuair mé i dteach mo chairde iad.’ ”

Zacairia 13