5. Déarfaidh clann Iúdá ina gcroíthe ansin: ‘Údar nirt d'áitritheoirí Iarúsailéim is ea Tiarna na Slua, a nDia.’
6. Ar an lá sin, déanfaidh mé ciseán tine i lár coille agus tóirse lasrach i measc punann de chlanna Iúdá; loiscfidh siad náisiúin uile na comharsanachta ar dheis agus ar chlé. Ach beidh Iarúsailéim á háitriú agus í suite go daingean ina hionad féin i gcónaí.
7. “Sábhálfaidh an Tiarna bothanna Iúdá ar dtús i dtreo nach sáróidh glóir theaghlach Dháiví agus áitritheoirí Iarúsailéim glóir Iúdá.
8. Ar an lá sin, cosnóidh an Tiarna áitritheoirí Iarúsailéim agus ar an lá sin freisin beidh an duine is laige díobh cosúil le Dáiví agus beidh teaghlach Dháiví féin cosúil le Dia, cosúil le haingeal an Tiarna, ar a dtosach.
9. “Ar an lá sin, tá sé beartaithe agam na náisiúin uile a thiocfaidh in aghaidh Iarúsailéim a dhísciú.