Zacairia 10:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Iarraigí fearthainn ar an Tiarnai séasúr fhearthainn an earraigh;óir, is é an Tiarna a dhéanann na néalta doininne.Tabharfaidh sé ceathanna báistí daoibhagus cuirfidh sé féar ag fási bpáirc an uile dhuine.

2. Óir, rinne na híola tí tairngreachtaí éithigh,agus chonaic an lucht fáistine físeanna falsa;bíonn na taibhrimh ag réamhfhógairt na baoiseagus ag tabhairt sóláis bhréige.Dá dheasca sin uile, táthar imithe chun fáin mar thréad caorachagus iad á gcrá cheal aoire.

3. Tá mo chuid feirge ar lasadhin aghaidh na n‑aoiríagus cuirfidh mé pionós ar na treoraithe.Ach tabharfaidh Tiarna na Slua cuairtar a thréad, ar theaghlach Iúdá,agus déanfaidh sé capall maorga cogaidh de.

4. Is uaidh a thiocfaidhan chloch chúinne agus an pionna botha,an bogha cogaidh agus gach ceannasaí.

5. I dteannta a chéile beidh siad mar laochraa shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath.Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo,agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill,cuirfear raon maidhme orthu.

6. Neartóidh mé teaghlach Iúdáagus sábhálfaidh mé teaghlach Iósaef.Seolfaidh mé ar ais arís iad,mar táim tar éis trua a ghlacadh dóibh,agus beidh siad amhail is nár shéan mé riamh iad;óir, is mise an Tiarna, a nDia, agus éistfidh mé lena nguí.

7. Beidh muintir Eafráim ina ngaiscígh,agus cuirfear áthas ar a gcroí faoi mar a bheidís ag ól fíona.Feicfidh a gclann mhac é seoagus beidh lúcháir orthu mar gheall airagus déanfáidh a gcroíthe gairdeas sa Tiarna.

Zacairia 10