Zacairia 1:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. ‘Cad iad seo, a dhuine uasail?’ arsa mise. ‘Taispeánfaidh mé duit cad iad,’ arsa an t‑aingeal a bhí ag caint liom.

10. Ansin chuir an fear a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail isteach ar an gcomhrá agus dúirt: ‘Is iad seo an dream a chuir an Tiarna amach uaidh chun dul anonn agus anall tríd an domhan.’

11. Thug siadsan an tuairisc seo d'aingeal an Tiarna a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail, á rá: ‘Táimid tar éis cuairt an domhain a thabhairt agus tá an domhan go léir faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin.’

12. Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’

13. D'fhreagair an Tiarna an t‑aingeal a bhí ag caint liom le briathra cneasta sólásacha.

14. Mar sin de dúirt an t‑aingeal a bhí ag caint liom: ‘Fógair é seo: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Tá teasghrá éadmhar agam do Iarúsailéim agus do Shíón;

15. ach tá fearg an-mhór ar fad orm leis na náisiúin dhíomasacha; mar cé nach raibh ach fearg bheag orm, chuaigh siadsan thar fóir leis an olc a rinne siad.

16. Ar an ábhar sin labhraíonn an Tiarna mar seo: Tá mé tar éis filleadh ar Iarúsailéim le barr trua di. Atógfar mo Theampall inti, a deir Tiarna na Slua, agus sínfear an dorú tomhais thar Iarúsailéim.

17. Fógair é seo freisin: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Níor tháinig rath go fóill ar mo chathracha, ach tabharfaidh an Tiarna sólás do Shíón athuair agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim aon uair amháin eile.’ ”

Zacairia 1