13. Ach an té atá glan agus nach bhfuil ar aistear, ach nach gcoimeádann an Cháisc san am céanna, gearrtar an duine sin amach óna phobal, mar nár ofráil sé ofráil an Tiarna ag an am a bhí ceaptha; bíodh ualach a pheaca ar an té sin.
14. Má bhíonn coimhthíoch ag cur faoi in bhur measc agus go gcoimeádann an Cháisc don Tiarna, ní foláir dó í a choimeád de réir reacht agus gnás na Cásca. Bíodh an t‑aon reacht amháin in bhur measc do dheoraí agus do dhúchasach mar an gcéanna.’ ”
15. An lá a cuireadh suas an taibearnacal, chlúdaigh an néal an taibearnacal agus both na Fianaise. Ó thráthnona go maidin luigh sé ar an taibearnacal faoi chló tine.
16. D'fholaigh an néal é gan stad dá réir sin, agus é faoi chló tine san oíche.
17. Nuair a d'ardaíodh an néal ón mboth, chuireadh clann Iosrael chun siúil; cibé áit ina luíodh an néal, ansiúd a shuíodh clann Iosrael a gcampa.
18. Faoi ordú an Tiarna a chuireadh clann Iosrael chun bóthair agus faoi ordú uaidh a shuídís campa. Fad a luigh an néal ar an taibearnacal, d'fhanadar sa champa.
19. Má luíodh an néal tamall fada de laethanta ar an taibearnacal, ghéilleadh clann Iosrael do threoir an Tiarna agus ní scoiridís campa.
20. Ach sa chás nach luíodh an néal ach beagán laethanta os cionn an taibearnacail, shuídís campa faoi ordú an Tiarna agus scoiridís campa faoi ordú an Tiarna.
21. Nuair nach luíodh an néal ach thar oíche go maidin, chuiridís chun siúil nuair a d'ardaíodh sé lá arna mhárach. Nó, nuair a d'fhanadh sé lá agus oíche iomlán, ní bhogaidís go dtí go n‑ardaíodh sé.