4. Ba d'ór buailte an coinnleoir, idir chrann agus bheangáin - ba d'ór buailte iadsan chomh maith. Rinneadh an coinnleoir de réir an phatrúin a thaispeáin an Tiarna do Mhaois.
5. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
6. “Scar na Léivítigh ó chlann Iosrael agus íonaigh iad.
7. Seo mar atá siad le híonú agat: Croith íonuisce orthu, agus bearraidís a gcorp ar fad agus nídís a gcuid éadaigh. Beidh siad glan ansin.
8. Faighidís tarbh óg ansin leis an abhlann de phlúr mín measctha le hola a ghabhann leis, agus faigh-se tarbh óg eile d'íobairt pheaca.
9. Ansin tabhair na Léivítigh os comhair Bhoth na Teagmhála, agus gair le chéile comhthionól uile chlann Iosrael.
10. Nuair a bhéarfaidh tú na Léivítigh i láthair an Tiarna, leagadh clann Iosrael a lámha orthu.
11. Ofráladh Árón na Léivítigh ansin mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna thar ceann chlann Iosrael. As sin amach beidh siad tíolactha do sheirbhís an Tiarna.
12. “Leagadh na Léivítigh ansin a lámha ar cheann na dtarbh, agus déan-sa ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt loiscthe don Tiarna. Sin mar atá an gnás leorghnímh ar son na Léivíteach le comhlíonadh.