Uimhreacha 8:3-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Rinne Árón amhlaidh. Chóirigh sé na lampaí le solas a chaitheamh os comhair an choinnleora mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

4. Ba d'ór buailte an coinnleoir, idir chrann agus bheangáin - ba d'ór buailte iadsan chomh maith. Rinneadh an coinnleoir de réir an phatrúin a thaispeáin an Tiarna do Mhaois.

5. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

6. “Scar na Léivítigh ó chlann Iosrael agus íonaigh iad.

7. Seo mar atá siad le híonú agat: Croith íonuisce orthu, agus bearraidís a gcorp ar fad agus nídís a gcuid éadaigh. Beidh siad glan ansin.

8. Faighidís tarbh óg ansin leis an abhlann de phlúr mín measctha le hola a ghabhann leis, agus faigh-se tarbh óg eile d'íobairt pheaca.

9. Ansin tabhair na Léivítigh os comhair Bhoth na Teagmhála, agus gair le chéile comhthionól uile chlann Iosrael.

Uimhreacha 8