Uimhreacha 8:21-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ghlan na Léivítigh iad féin ó pheaca, agus nigh siad a gcuid éadaigh; d'ofráil Árón iad mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Ansin chomhlíon Árón gnás an leorghnímh thar a gceann á nglanadh.

22. Ansin ghabh na Léivítigh isteach chun a seirbhís a dhéanamh i mBoth na Teagmhála ag fónamh d'Árón agus dá mhaca. Rinneadh leis na Léivítigh de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois ina dtaobh.

23. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

24. “Baineann sé seo leis na Léivítigh. Ó aois a cúig fichead amach, ní foláir do na Léivítigh dul isteach chun a gcúram a chomhlíonadh ag freastal i mBoth na Teagmhála.

25. Ó aois leathchéad amach níl aon cheangal ar Léivíteach freastal agus ná déanadh sé freastal a thuilleadh,

26. ach déanadh sé fónamh dá bhráithre i mBoth na Teagmhála, chun an tseirbhís a chinntiú; ach ná déanadh sé féin áon seirbhís a thuilleadh. Féach chuige gurb í sin an riail do sheirbhís na Léivíteach.”

Uimhreacha 8