Uimhreacha 8:18-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. agus anois thóg mé na Léivítigh in áit gach céadghin ar chlann Iosrael.

19. Thug mé na Léivítigh d'Árón agus dá mhaca mar thoirbheartaigh de chlann Iosrael; déanfaidh siad seirbhís i mBoth na Teagmhála thar ceann chlann Iosrael, agus comhlíonfaidh siad gnás an leorghnímh ar son chlann Iosrael i dtreo nach mbuailfeadh aon phlá iadsan má rachadh aon chuid de chlann Iosrael i ngar don sanctóir.”

20. Sin mar a rinne Maois agus Árón agus comhthionól uile chlann Iosrael leis na Léivítigh, go cruinn beacht mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois i dtaobh na Léivíteach; sin mar a rinne clann Iosrael leo.

21. Ghlan na Léivítigh iad féin ó pheaca, agus nigh siad a gcuid éadaigh; d'ofráil Árón iad mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Ansin chomhlíon Árón gnás an leorghnímh thar a gceann á nglanadh.

22. Ansin ghabh na Léivítigh isteach chun a seirbhís a dhéanamh i mBoth na Teagmhála ag fónamh d'Árón agus dá mhaca. Rinneadh leis na Léivítigh de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois ina dtaobh.

23. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

24. “Baineann sé seo leis na Léivítigh. Ó aois a cúig fichead amach, ní foláir do na Léivítigh dul isteach chun a gcúram a chomhlíonadh ag freastal i mBoth na Teagmhála.

25. Ó aois leathchéad amach níl aon cheangal ar Léivíteach freastal agus ná déanadh sé freastal a thuilleadh,

26. ach déanadh sé fónamh dá bhráithre i mBoth na Teagmhála, chun an tseirbhís a chinntiú; ach ná déanadh sé féin áon seirbhís a thuilleadh. Féach chuige gurb í sin an riail do sheirbhís na Léivíteach.”

Uimhreacha 8