14. Sin mar atá na Léivítigh le cur i leataobh ón gcuid eile de chlann Iosrael i dtreo go mba liomsa iad.
15. Tosóidh na Léivítigh ansin ar a seirbhís i mBoth na Teagmhála.“Ní foláir duit iad a ghlanadh agus a ofráil mar dhleacht ar leith,
16. óir tugadh dom go hiomlán mar thoirbheartaigh iad ó i measc chlann Iosrael, agus tá siad le bheith ina n‑áit siúd a d'oscail an bhroinn, na céadghinte; rinne mé mo chuid féin díobh as clann Iosrael go léir.
17. Óir is liomsa gach céadghin ar chlann Iosrael, idir fhear agus ainmhí; an lá a mharaigh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte, rinne mé iad a choisreacan dom féin,
18. agus anois thóg mé na Léivítigh in áit gach céadghin ar chlann Iosrael.
19. Thug mé na Léivítigh d'Árón agus dá mhaca mar thoirbheartaigh de chlann Iosrael; déanfaidh siad seirbhís i mBoth na Teagmhála thar ceann chlann Iosrael, agus comhlíonfaidh siad gnás an leorghnímh ar son chlann Iosrael i dtreo nach mbuailfeadh aon phlá iadsan má rachadh aon chuid de chlann Iosrael i ngar don sanctóir.”