12. “Leagadh na Léivítigh ansin a lámha ar cheann na dtarbh, agus déan-sa ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt loiscthe don Tiarna. Sin mar atá an gnás leorghnímh ar son na Léivíteach le comhlíonadh.
13. Tar éis duit na Léivítigh a chur faoi bhráid Árón agus a chlann mhac, ofráil don Tiarna iad mar dhleacht ar leith.
14. Sin mar atá na Léivítigh le cur i leataobh ón gcuid eile de chlann Iosrael i dtreo go mba liomsa iad.
15. Tosóidh na Léivítigh ansin ar a seirbhís i mBoth na Teagmhála.“Ní foláir duit iad a ghlanadh agus a ofráil mar dhleacht ar leith,
16. óir tugadh dom go hiomlán mar thoirbheartaigh iad ó i measc chlann Iosrael, agus tá siad le bheith ina n‑áit siúd a d'oscail an bhroinn, na céadghinte; rinne mé mo chuid féin díobh as clann Iosrael go léir.