Uimhreacha 7:9-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ach do chlann Chohát níor thug sé oiread agus ceann, mar na nithe naofa a cuireadh faoina gcúram is ar a nguaillí a bhí siad le hiompar.

10. Ansin rinne na ceannairí ofráil do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í; d'ofráil na ceannairí a n‑ofráil os comhair na haltóra.

11. Dúirt an Tiarna le Maois: “Ofrálaidís a n‑ofrálacha, ceannaire díobh gach lá i ndiaidh a chéile, do thíolacadh na haltóra.”

12. Ar an gcéad lá sé Nachsón mac Amaíneádáb de threibh Iúdá a thug an ofráil;

13. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín airgid de mheachan seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

14. mias óir deich seicil lán de thúis;

15. tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

16. pocán gabhair don íobairt pheaca,

17. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Nachsón mac Amaíneádáb.

18. Ar an dara lá sé Natanael mac Zúár ceann Íosácár a thug an ofráil;

19. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

20. mias óir deich seicil lán de thúis;

21. tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

22. pocán gabhair don íobairt pheaca,

23. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Natanael mac Zúár.

24. Ar an tríú lá sé Eilíáb mac Haelon ceann chlann Zabúlun a thug an ofráil;

25. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

26. mias óir deich seicil lán de thúis;

Uimhreacha 7