Uimhreacha 7:5-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. “Glac iad seo uathu agus cuirtear ar leithrigh iad do sheirbhís Bhoth na Teagmhála. Tabhair do na Léivítigh iad, do gach duine do réir mar a éileoidh a dhualgais.”

6. Ghlac Maois na carbaid dá bhrí sin agus na daimh agus thug do na Léivítigh iad.

7. Thug sé dhá charbad agus ceithre dhamh do chlann Ghéirseon i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu.

8. Agus do chlann Mharáraí, ceithre charbad agus ocht ndamh i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.

9. Ach do chlann Chohát níor thug sé oiread agus ceann, mar na nithe naofa a cuireadh faoina gcúram is ar a nguaillí a bhí siad le hiompar.

10. Ansin rinne na ceannairí ofráil do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í; d'ofráil na ceannairí a n‑ofráil os comhair na haltóra.

11. Dúirt an Tiarna le Maois: “Ofrálaidís a n‑ofrálacha, ceannaire díobh gach lá i ndiaidh a chéile, do thíolacadh na haltóra.”

12. Ar an gcéad lá sé Nachsón mac Amaíneádáb de threibh Iúdá a thug an ofráil;

13. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín airgid de mheachan seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

14. mias óir deich seicil lán de thúis;

15. tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

16. pocán gabhair don íobairt pheaca,

17. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Nachsón mac Amaíneádáb.

18. Ar an dara lá sé Natanael mac Zúár ceann Íosácár a thug an ofráil;

19. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

20. mias óir deich seicil lán de thúis;

Uimhreacha 7