Uimhreacha 6:24-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Go mbeannaí an Tiarna thú agus go gcumhdaí sé thú.

25. Go dtaitní gnúis an Tiarna ort agus go raibh sé caoin leat.

26. Go nochta an Tiarna a ghnúis duit agus go dtuga sé síocháin duit.’

27. Sin mar atá m'ainm le gairm ar chlann Iosrael acu, agus cuirfidh mé mo bheannacht orthu.”

Uimhreacha 6