Uimhreacha 4:15-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t‑ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát.

16. “Agus Eileázár mac Árón an sagart, bíodh sé i bhfeighil na hola don solas, na túise cumhra, na habhlainne síoraí, agus an chriosma; tugadh sé aire don taibearnacal uile agus do gach a bhfuil ann, don sanctóir agus dá mbaineann leis.”

17. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:

18. “Na gearraigí amach treabhchas sliocht Chohát ó líon na Léivíteach.

19. Ach déanaigí mar seo leo i dtreo go mairidís agus go dtiocfaidís slán ón mbás nuair a rachaidh siad i ngar do na nithe sárnaofa: téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus leagaidís a ghnó agus a shaothar ar gach duine díobh.

Uimhreacha 4