16. Ach más amhlaidh a bhuail sé an duine le huirlis iarainn agus gur mharaigh; is dúnmharfóir é. Ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis.
17. Má bhuail sé é le cloch, sás a mharaithe, ina láimh agus gur mharaigh, is dúnmharfóir é; ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis.
18. Nó más amhlaidh a bhuail sé é le harm maide, sás a mharaithe, agus gur mharaigh, is dúnmharfóir é. Ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis.
19. Cuireadh an díoltach fola féin an dúnmharfóir chun báis. Nuair a bhuaileann sé leis, cuireadh sé chun báis é.
20. Má thug an marfóir drochíde le barr fuatha ar an duine, nó má chaith sé urchar marfach gan choinne leis chun é a leagan ar lár,
21. nó má bhuail sé buille dhorn marfach air le holc, ansin ní foláir an té a bhuail an buille a chur chun báis; is dúnmharfóir é; ní foláir don díoltach fola é a chur chun báis nuair a bhuaileann sé leis.
22. Ach más trí chinniúint a thug sé drochíde ar an duine, gan mhailís, nó má chaith sé urchar leis agus gan a bheith i luíochán air,
23. nó má scaoil sé cloch sás a mharaithe anuas air gan é a fheiceáil agus gur mharaigh sé é amhlaidh sin, chomh fada is nach raibh olc aige dó nó drochrún aige chuige,
24. ansin ní foláir don chomhthionól breith a thabhairt de réir na rialacha seo idir an té a rinne an marú agus an díoltach fola,