Uimhreacha 34:14-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. óir treibh chlann Reúbaen gona bhfiní sinseartha, agus treibh chlann Ghád gona bhfiní sinseartha, tá a n‑oidhreacht faighte acu cheana féin; mar an gcéanna le leath threibh Mhanaise.

15. Tá a n‑oidhreacht faighte ag an dá threibh go leith sin cheana féin lastall den Iordáin ar aghaidh Ireachó sall, soir i dtreo éirí gréine.”

16. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

17. “Seo iad ainmneacha na dtaoiseach a roinnfidh an fearann oraibh mar oidhreacht: Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún;

18. tógaigí taoiseach as gach treibh chun an fearann a roinnt mar oidhreacht.

Uimhreacha 34