10. Ansin cinntígí bhur dteorainn thoir ó Hazar Éanan go Seafám.
11. Rachaidh an teorainn ó dheas ó Sheafám go Ribleá lastoir de Áín. Níos sia ó dheas fanfaidh sí lastoir de Mhuir Chinirit.
12. Ansin leanfaidh an teorainn an Iordáin agus beidh deireadh léi ag Muir an tSalainn. Sin é agaibh bhur dtír lena theorainneacha mórthimpeall.’ ”
13. Ansin thug Maois ordú do chlann Iosrael á rá: “Sin é an tír atá le roinnt ar cranna agaibh, an tír a d'aithin an Tiarna a thabhairt do na naoi dtreibheanna go leith;
14. óir treibh chlann Reúbaen gona bhfiní sinseartha, agus treibh chlann Ghád gona bhfiní sinseartha, tá a n‑oidhreacht faighte acu cheana féin; mar an gcéanna le leath threibh Mhanaise.
15. Tá a n‑oidhreacht faighte ag an dá threibh go leith sin cheana féin lastall den Iordáin ar aghaidh Ireachó sall, soir i dtreo éirí gréine.”
16. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
17. “Seo iad ainmneacha na dtaoiseach a roinnfidh an fearann oraibh mar oidhreacht: Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún;
18. tógaigí taoiseach as gach treibh chun an fearann a roinnt mar oidhreacht.
19. Seo iad ainmneacha na bhfear sin:Do threibh Iúdá, Cálaeb mac Iafuna.
20. Do threibh chlann Shímeon, Seamúéil mac Aimíohúd.
21. Do threibh Bhiniáimin, Eilídeád mac Chisleon.