1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. “Tabhair an t‑ordú seo leanas do chlann Iosrael: ‘Nuair a rachaidh sibh isteach i dtír Chanán, seo iad na críocha a bheidh mar oidhreacht agaibh; seo é tír Chanán á rianú ag a theorainneacha:
3. Sínfidh deisceart bhur gcríoch ó fhásach Zin ar theorainn Eadóm. Tosóidh teorainn theas bhur dtíre ag imeall Mhuir an tSalainn thoir
4. agus casfaidh sí ó dheas i dtreo Ard na Scairpeanna agus trasna go Zin agus ag stad laisteas de Cháidéis Bairnéa; rachaidh sí as sin i dtreo Hazar Adár agus ar aghaidh go Azmon.
5. Casfaidh an teorainn ó Azmon i dtreo Shileán na hÉigipte agus stadfaidh sí ag an Muir.
6. Beidh an Mhuir Mhór ar bhur bhfeorainn agus is í a bheidh mar theorainn thiar agaibh.
7. Sé seo a bheidh mar theorainn thuaidh agaibh: tarraing líne duit féin ón Muir Mhór go Sliabh Hor;
8. ansin ó Shliabh Hor tarraing líne go Bealach Hamát, agus beidh deireadh na teorann ag Zadád.
9. As sin sínfidh an teorainn ar aghaidh go Ziofron agus beidh deireadh léi ag Hazar Éarnán. Sin í bhur dteorainn thuaidh.
10. Ansin cinntígí bhur dteorainn thoir ó Hazar Éanan go Seafám.
11. Rachaidh an teorainn ó dheas ó Sheafám go Ribleá lastoir de Áín. Níos sia ó dheas fanfaidh sí lastoir de Mhuir Chinirit.
12. Ansin leanfaidh an teorainn an Iordáin agus beidh deireadh léi ag Muir an tSalainn. Sin é agaibh bhur dtír lena theorainneacha mórthimpeall.’ ”
13. Ansin thug Maois ordú do chlann Iosrael á rá: “Sin é an tír atá le roinnt ar cranna agaibh, an tír a d'aithin an Tiarna a thabhairt do na naoi dtreibheanna go leith;