Uimhreacha 33:37-42 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. Chuireadar chun bealaigh ó Cháidéis agus shuíodar a gcampa i Sliabh Hor, ar imeall chríoch Eadóm.

38. Ghabh Árón an sagart suas Sliabh Hor faoi ordú an Tiarna agus fuair sé bás ansiúd sa daicheadú bliain tar éis d'Iosrael teacht as an Éigipt, sa chúigiú mí agus ar an gcéad lá den chúigiú mí sin.

39. Bhí Árón céad agus a fiche trí bliain d'aois nuair a d'éag sé ar Shliabh Hor.

40. An Canánach, rí Arád, a chónaigh sa Neigib i dtír Chanán, chuala sé i dtaobh clann Iosrael a theacht.

41. Chuireadar chun bealaigh ó Shliabh Hor agus shuíodar a gcampa i Zalmoná.

42. Chuireadar chun bealaigh ó Zalmoná agus shuíodar a gcampa i bPúnon.

Uimhreacha 33