Uimhreacha 33:17-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Chuireadar chun bealaigh ó Chiobrot Hatavá agus shuíodar a gcampa i Hazaerot.

18. Chuireadar chun bealaigh ó Hazaerot agus shuíodar a gcampa i Ritmeá.

19. Chuireadar chun bealaigh ó Ritmeá agus shuíodar a gcampa i Riomon Peiriz.

20. Chuireadar chun bealaigh ó Riomon Peiriz agus shuíodar a gcampa i Libneá.

21. Chuireadar chun bealaigh ó Libneá agus shuíodar a gcampa i Riosá.

22. Chuireadar chun bealaigh ó Riosá agus shuíodar a gcampa i gCahaelátá.

23. Chuireadar chun bealaigh ó Chahaelátá agus shuíodar a gcampa ag Sliabh Sheifir.

24. Chuireadar chun bealaigh ó Shliabh Sheifir agus shuíodar a gcampa i Harádá.

25. Chuireadar chun bealaigh ó Harádá agus shuíodar a gcampa i Macaelot.

Uimhreacha 33